Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Donegal
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 525
- XML “Scéal - An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
"An Bhean Ghlas"
Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Bhí feirm mhór thalaimh agus bhí an fhairrge ag teacht uirthí. Rinne an fear a ba sine babhdhún, leis an fhairrge a choinneál amach. An lá ar na bhárach an léitheadh a bhí deánta aige bhí sé leagtha 'un talaimh. Dubhairt an darna fear go ndeanfaidh seisean é. Rinne sé é, agus ins an mháidín bhí sé leagtha 'un talaimh arís. Dubhairt an fear a b'óige go ndeanfaidh seisean é, agus sul a dtearn sé é, rinne sé teach beag thíos ag a thaoibh. Shuidh sé go maidín, ghá choimheád agus deic chardaí aige. Shuidh sé ag imirt leis féin. Ní rabh i bhfad go bhfaca sé bád caol dubh ag teacht isteach agus bean deas in a shuidhe ar a deireadh. Tháinig sí isteach chuige. D'fhiafruigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dóchartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Donegal