Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)

Suíomh:
An Charraig, Co. Donegal
Múinteoir:
S. Ó Beirn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 534

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 534

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Charraig
  2. XML Leathanach 534
  3. XML “Scéal - Éan Ghleann na Smól”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    maith is thiocfadh leis agus d'imthigh sé ar chapaill. Nuair a bhí sé ag Gleann na Smól chualaidh sé urchar agus le sin thuit éan geal ag a chosa. Thóg sé é agus chuir sé é isteach ina phóca, annsin chonnaic sé dhá fear ag rith chuige, agus gunna ag duine aca. D'fhiafruigh siad de an bhfaca sé éan geal ag tuitim in áit ar bith, "na" arsa san" "an duine a bhéadh an t-éan sin aige bhéadh sé saidhbhir i rith a shaoghal". Dubhairt mach an ríogh nach bhfaca sé éan ar bith agus d'imthigh siad. Annsin chuaidh sé a gháiridh leis fhéin mar go rabh an t-éan aige agus nuair a bhí sé ag gabháil a chuir a láimh ina phóca acht ní thiocfadh leis é a fhagháil síos le óir. Chuir sé a láimh í ngach phóca dá rabh air, agus bhí siad líonta mar an gcéadna, agus níor stad sé dé'n gáiridhe sin go rabh sé ag an chaisléan. Chuaid sé fhéin agus nighean an ríogh a cearrbhachas, agus bhí sise ag baineadh agus seisean ag chuir amach óir i dtólamh. Bhí siad ag imirt mar sin ar feadh trí lá agus trí oidhche. Oidhche amháin nuair a bhí mach an ríogh ina chodladh ghoidh sise an t-éan geal uadh agus nuair a mhuscail sé ar máidín ní rabh pighinn ar bith aige. D'innis sé do nighean an ríogh caidé mar bhí agus nach rabh airgeadh ar bith aige. Tháinigh fearg mór uirthí agus d'iarr sí air a gabháil 'ún na bháile arais. D'imthigh sé ar a chapall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Beirn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Cathal Ó Gádhra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Donegal