School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 378
- XML “Seanscéal Gaeilge - An Chéad Mhíorúilt a Rinne Colm Cille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Colmcille ina ghasúr bhí sé ina chomhnuidh ag uncal da chuid. Bhíodh Colmcille ag léigheadh leabharthaí go minic nuair a b'fheárr leis an uncal é a bheith ag cuideadh leis féin ag obair ins na cuibhrinn. Lá amháin bhí an t-uncal ag cur choirce. Nuair a thainic sé isteach chuig na dhínnear diarr sé ar Cholmcille dhul amach agus na préachain a choinneil ar shiúbhal ón choirce. a bhí craithte go bhfuigheadh sé a fhóirseadh. Chuaigh Colmcille amach mar h-iarradh air, ach ní rabh sé i bhfad amuigh go dtainic sé isteach arais.
“Cé atá ag coimhead na bpréachan?” ars an t-uncal.
“Tá na préachain druidte istigh sa sgiobal,” arsa Colmcille. Thug an t-uncal rúide amach agus fearg air, mar mheas sé gur ag magadh air a bhí Colmcille. D’fhosgail sé doras an sgobail, agus leis an síothadh a bhí leis na préachain ag teacht amach thóg siad é leo síos leath an chuibhrinn. Thainic sé arais ansin agus dubhairt sé le Colmcille iad a chur isteach ar ais.
“Cuir féin isteach iad anois,” arsa Colmcille. “Nuair a bhí siad istigh agamsa, lig tusa amach iad.”Deir na sean daoine gurbh é sin an chead mhiorbhailte a rinn Colmcille.- Collector
- Crochur Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Mac Grianna
- Gender
- Male
- Address
- An Bearnas Uachtarach, Co. Donegal