School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 381
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá uaigh ar thaobh an chnuic os cionn an bhealaigh mhóir atá dul eadar Árd a Ratha agus Leac Chonaill ar a dtugtar “An Teannaidh Ruadh.” Bhí an uaigh seo na h-áit folaighe ag ceatharnach coilleadh ins an t-sean am.
Ba ghnathach leis an cheatharnach coilleadh seo teacht fa thighthe Leac Chonaill san oidhche agus biadh a ghoid. Ghoideadh sé préataí, aran, im, bainne agus uibheacha. Bhí eagla ar na daoine roimhe.
Ins an an sin, an chomhla a bhíodh ar gach teach, bhíodh sé déanta de shlatacha ar an nós a ndéantar cliabh. Bhí fear ina chomhnuidh i Leac Chonaill san am, agus bhí dearthair do i bPoinnte Luachrais. Rinn an bheirt deartharach suas go suidhfheadh siad san oidhche leis an cheatharnach coilleadh a choimhead. Shuidh.
Thainic an ceatharnach coilleadh, agus d’ionnsuigh an bheirt air. Thug sé a sháith le déanadh den bheirt, agus d’imthigh sé orthu. Lá ar na mhárach leanadh stráid a chuid fola, agus fuarthas é marbh san uaigh ins “An Teannaidh Ruadh.”- Collector
- Crochur Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraic Ó Gallachobhair
- Gender
- Male
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal