School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 384
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann am amháin agus bhí seachtmhar nighneach aige. Fuair siad uilig pósta ach bean amháin agus bhí an bhean seo an fhallsa. Thainic fear lá amháin agus diarr sé an cailín seo le pósadh. Dubhairt a h-athair nach rabh aon mhaith inntí do, no go rabh sí ro fhallsa agus nach ndeánfadh sí rud ar bith. Dubhairt an fear leis an athair a tabhairt do agus rud ar bith a d’iarrfadh sé oirthi a dheánadh, agus nach ndeánfadh sí go sgaoilfeadh sé í as béal gunna. D’aontuigh an t-athair, agus thug an fear an cailín leis go dtí a bhaile féin. Bhí gearrán leis an fhear agus dhá chú agus gunna. Chuaigh an fear a mharcuigheacht ar an ghearran agus chuaidh an cailín suas ar a chúlaibh. Nuair a bhí siad tamall beag ag siúbhal an bhealaigh chonnaic siad coinín ar thaobh amháin den bhealach mhór. Lean ceann den dá chú an coinín. Sgairt an fear ar an chú a theacht arais ach ní tháinig sé. Tamall beag ina dhiaidh sin thainic an cú arais. Sgaoil an fear urchar as an ghunna leis an chú agus mharbh sé é. Tamall beag ina dhiaidh sin chonnaic an cú eile coinín, agus d’imthigh sé sa tóir air. Sgairt an fear ar an chú pilleadh arais, ach ní thainic. Tamall beag na dhiaidh sin thainic an cú arais agus sgaoil an fear urchar leis an chú agus mharbh sé é.(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Baoighill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal