School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach as faoi an scála. Thóg an chailín scála s'aici fhéin agus thánig sgaifte luchóg amach. Thóg Máirtín rud éigin agus bhuail sé an luchóg deireannach agus rinneadh cat di. Mharbhuigh an cat na luchógaí uilig. Sin an chead chat a bhí ar an t-saoghal. Tá Máirtín na naomh ins na flaithis anois.
- An bean bhoct agus Gráinne Óg
Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí iongantach bocht. Bhí sí 'na baintreabhach agus bhí scaifte mór páisti aicí. Ni raibh an duine a ba dine aca ach naoi mbliadhna de aois.
Oidhche amháin ni raibh biadh ar bith aicí le tabhairt dóbhtha. Ghuidh sí chuig Dia iad a ghlacann chuige féin. Tamall na dhiaidh sin tháinig Gráinne Óg isteach agus mná eile agus iad ag iomchar sgála mór lán bidh. Dubhair Gráinne Óg leis an bhaintreabhac bhocht agus a cuid páisti ithe, agus nuair a bhéadh sé ithte aca go bhfuigheadh siad scála eile.
Nuair a bhí a sáith ithte aca bhí oiread ins an scála go bhí ar dtús. Ní raibh an scála folamh(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Informant
- Brighid Nic Cormaic
- Gender
- Female
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal