School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 132
- XML “Jack na Luatha Deirge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach asta”. Le sin mothuigh sé tormán slabhraidh agus dimthigh sé go dtí an áit a raibh an torman agus chonnaic sé na diabhail annsin.
“Bhearfaidh mé deireadh [li]? arsa Jack. Thiomáin sé deireadh roimhe leis an [bata]? iarainn agus níor stad sé go raibh sé ar sráid a mhaighistearra. Nuair a chonnaic an maighistir goidé a bhí amuigh ar an t-sráid scannruigh an croidhe ann. “Tabhair ar shiubhail as sin iad”, arsa an maighistir. “Ní thabhairfidh”, arsa Jack, “Na bhí go leor trioblóide agamsa da dtabhairt aníos agus ní chuirfhidh mé arais iad”. “Bhéarfaidh mé mala óir agus mala airgid duit má fhágann tú shíos arais iad”, arsa an maighistir. Chuir Jack an tiomlán síos go h-Ifreann agus tháinig sé arais chuig a mhaigistir. Thug an maighistear an t-ór agus an t-airgead do agus dimthigh Jack abhaile leis. Bhí dóigh mhaith air o sin amach.- Informant
- Seósamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Sealgán Beag, Co. Donegal