School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 141
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(7) Ba choir duit seileóg a chaitheamh isteach i gcuid gamhna sul a dtabhairfhidh tú dó é.
(8) Ma gheibh tú crudh capaill ar an bhealach mhór ba chóir duit é a thabhairt leat giota agus annsin é a chaitheamh uaid arais ar an bhealac mhór.
(9) Nuair a theid bó amach an chéad uair indhiaidh breith, ba chóir maide briste, agus uibhleog a fhágail ins an doras roimpí agus caithfhidh sí coiscéim a ghlacaint thairis.
(10) Ma chastar asal ort ar an bhealach mhór agus tú ag dul ar aistear. Béidh ádh ort an lá sin.
(11) Má bhíonn tú ag dul un aonaigh agus eallaigh leat agus bean ruadh agus í costarnacht a chastal duit ba chóir duit pilleadh abhaile na ní dhiolfhaidh tú an lá sin.
(12) Níor choir duit slatacha nó féar a bhaint in áit uasal. Ma bhaineann tiocfhaidh na daoiní beaga ort.
(13) Níor choir bó a bhualadh le bata cuilinn.
(14) Níor choir duit salann a dhórtadh na tiocfaidh droch ádh ort. Má dhóirteann ba chóir duit e la thógail agus e a chaitheamh thar do ghualainn.
(15) Níor cheart duit do chuid urnaighe a rádh agus tú ag amharc isteach i leabaidh.(continues on next page)