School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 281
  3. XML “Deireadh na bhFiann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí Conán agus a dhream fhéin giota siar ó sin ag coimhead ar an árbhath rith an ama, agus anois nuair a chonnaic siad Goll ag tarraing anoir ortha agus achan séideóg aige, ars Conán:-
    "Luighigidh síos agus leigigidh orraibh fhéin go bhfuil sibh marbh. Ní bhfuair sé siúd baoghal ar a sháith troda; tá sé ar mire anois agus mairbhfidh sé sinn uilig."
    Luighe achan fhear síos agus leig ar fhéin go rabh marbh. Anoir le Goll, agus fuadar millteanach faoi. Nuair a thainic sé fhad leis na fir mharbha stad sé. Chuir sé a chlaidheamh faoi fhear abhfhus agus chaith in áirde é agus a chlaidheamh faoi fhear thall agus chaith in áirde é. Bhí an fhearg a bhí air d'á claoidh anois.
    "Arú!" ars seisean, "níl fhios agam ca bhfuil Conán bocht!"
    Chuartuigh sé imeasc na bhfear go bhfuair sé Conán agus é comh marbh le fear. Shuidhe Goll síos agus chaoin sé a sháith. Annsin suas leis ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female
    Informant
    Proinnsias Ó hÉaghrain
    Gender
    Male
    Age
    88
    Occupation
    Táilliúir
    Address
    Mín an Duáin, Co. Donegal