School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí an cearpantóir i gclár an éadain agus rinne cilpín de. Ní rabh a'n nduine beó anois a rabh fhios aige fa'n teach sa chrann ach í fhéin.
Thug sí léithe a mac agus chuir isteach i dteach an chrainn é. Bheireadh sí an chuid a b'fheárr de'n bhiadh agus de'n deoch dó agus bheireadh sí amach ar an réidhteach é gach lá a fhóghluim gaisgeamhlacht dó.
Bhí go maith 'sní rabh go holc go rabh sé cúig bliadna déag d'aois. Nídh nach iongnadh, indiaidh é tógha gach bídh agus rógha gach díghe a fhághail bhí sé na ghasur comh bréagh a's a bhfacaidh a'n neach da maireann ariamh.
Lá amháin thug an mhathair léithe é agus chuir isteach fríd ghasraidh a dearbhrathaire é san áit a rabh siad ag imirt báire os coinne an chaisleáin amach. Chuaidh sí annsin agus shuidhe sí faoi'n fhuinneóig d'á gcoimhead. Bhí an Rí ag coimhead an chluithche amach ar an(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female