School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)díomsa. Deán san dóigh é, nuair a bhéidheas sé críochnuighthe nach mbíonn a'n nduine i neinimh é (fo) thabhairt fadeara agus nuair a bhéidheas sé deánta agat tar agus innis díomsa é."
"Maith go leór," ars an cearpantóir, agus chuaidh sé i gceann na h-oibre.
Nuair a bhí an obair deánta aige chuaidh sé fhad léithe agus d'innis díthe go rabh an teach réidh anois. Chuaidh sí leis go bhfeicfeadh sí an mbéadh sé ina sásamh. Isteach i gcroidhe an chrainn léithe agus d'amharc sí thart.
"Tá sé go h-iongantach maith," ars sise, "ach tá grugan beag annseo os mo cheann agus tá eagla orm go mbéidh sé 'a mo ghortadh. Sín isteach an tuagh annsorm go ngeárraidh mé é."
"Taisbean damh é agus geárrfaidh mé fhéin é," ars an cearpantóir.
"Dheánfaidh mé fhéin lán comh maith é," ars sise, "ó tharlaidh istigh mé; sín isteach an tuagh chugam."
Shín an cearpantóir an tuagh isteach anns uirthi agus ar a fághail díthe chnag(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female