School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Bhí na Fianna amuigh ag seilg lá amháin agus thainic seachran sealg agus ceó draoidheachta ortha. Shiubhal siad leóbhtha go dtainic an oidhche ortha agus gan fhios aca ca rabh siad ag dul.
Anonn san oidhche tcí siad caochan beag soluis i bhfad uatha agus tarraingidh siad air. Ar theacht dóibh fhad leis an tsolus fuair siad amach gur teach a bhí ann agus an solus beag ag caocadh amach ar an fhuinneóig. Chuaidh siad thart fa'n teach ag cuartughadh an doruis ach chan fhuair siad é. Thart leó arís agus arís eile agus an tríomhadh uair ag dul thart dóibh fuair siad an dorus. Isteach leó.
Bhí seanduine mór críon caithte cnámhach ina shuidhe ag an teine agus é ag amharc isteach san ghríosaigh. Bhí reithe mór ceangailte i gceann an tighe. Bhí seomra i gcúl na(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female