School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teineadh agus a dhorus druidthe.
Bheannuigh Fionn do'n tseanduine agus bheannuigh an seanduine dó.
"Tá sinn amuigh ó mhaidin," ars Fionn. "Thainig ceó orainn agus chuadhamar ar seachrán. Chan fhuair mé fhéin nó mo chuid fear a'n ghreim bídh ó d'fhág sinn an baile ar maidin indiu. An dtabhairfea tráth bídh dúinn le do thoil?"
"Bheirfidh agus fáilte," ars an seanduine, ag éirigh agus ag deánamh réidh an bhídh. Nuair a bhí an biadh leagtha amach ar an tábla aige agus iad gabhail a ithe, aníos leis an reithe, cuiridh sé a chloigeann isteach faoi'n tábla agus steallaidh sé iomlán an bhídh sna glinncí.
"Éirigheadh duine agaibh agus ceangaladh sé an reithe sin," ars Fionn Mhac Cúmhaill.
"D'éirigh fear de na Fianna, d'fhéach an reithe chuir síos ach chuir an reithe síos é. D'fhéach fear eile agus fear eile a láimh ach chuir an reithe síos an t-iomlán aca. I ndeireadh báire d'fhéach Goll Mac Móirne é fhéin a láimh ach chuir an reithe(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female