School: Edenfinfreagh (roll number 8901)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Conn Mac Diarmada
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Edenfinfreagh
- XML Page 006
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ins an áit seo fad ó agus Aodh Mac An Bháird do b'ainm dó. Fear láidir, sgafánta a bhí ann, agus deirtear gur iomadh rud a tháinig sé fríd ariamh.”
(continued from previous page)imtheacht air, agus bhí mo fhear bréagh taobh istigh ar fad agus é ag deanamh amach nach n-imtheochadh an tarbh in am nó in uair. Bhí mí-shuaimhneas mór ag teacht air anois mar gheall ar seo. Sa deireadh thiar thall rinne bó géim thall ar thaobh an chnuic. D'éist an tarbh agus d'amharc anonn. Le sin as go bráth anonn leis a rathaidh. Bhí cead ealóidh ag an phriosúnach a bhí istigh san phíopa anois. Nuair a fuair sé an tarbh giota maith ar shiubhal, tháinig sé amach go fáilthidhe agus bhog leis ag tarraingt ar Ghleann tSúilighe. Bhí eagla a chroicinn anois air go bhfeicfeadh an tarbh arais é agus go mbainfeadh sé rása eile as. Bhí a fhios aige nach mbéadh imtheacht aige air anois dá bhfeicfeadh sé é, agus bhí sé ag guidhe nach bhfeicfeadh. Bhí sé dá ghoid fhéin soir an bealach mór, agus anois bhí(continues on next page)- Collector
- Conn Mac Diarmada
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Mac Diarmada
- Gender
- Male
- Address
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal