School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 319
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Nuair a bhí Colmcille ag siubhal thart na h-áite seo i bhfad ó shoin, thuit cnaipe de na chóta lá amháin, agus chuaid sé isteach i dteach go bhfuigheadh sé fuaighthe aráis é.”
Nuair a bhí Colmcille ag siubhal thart na h-áite seo i bhfad ó shoin, thuit cnaipe de na chóta lá amháin, agus chuaidh sé isteach i dteach go bhfuigeadh sé fuaighthe aráis é.
Caidé a bhí sa teach seo ach táilliúir agus gréasaidhe. Chuaidh Colm a fhad leis an táilliúir agus d'iarr sé air an cnaipe a fhuaghail agus dubhairt an táilliúir nach ndéanfadh sé a dháth dé'n leithéad.
Annsin chuaidh sé fhad leis an ghréasaidhe, agus d'fhuigh an gréasaidhe an cnaipe le na chordaí roisín, bhí buidheachas mór ag Colmcille air, agus ag imtheacht do dubhairt sé,
"Nímm an polladóra ar an tsnáthaidh, agus fuacht an connadóra ar an táilliúir."
Ó'n lá sin go dtí an lá indiu bíonn an táilliúir i gcomhnuidhe dhá fhleachaidh, agus má sháitheann sé an tsnáthaidh ina mhéar, tá sé cinnte líonadh le sileadh, agus is cuma caidé'n poll a dhéanfas an gréasaidhe air fhéin ní mó nó go mothuigheann sé é.
Sgéalaidhe: Domhnall Ó Domhnaill, Tulaigh
Sgríobhnóir: Sorcha Ní Fhirghil.- Collector
- Sorcha Ní Fhirghil
- Gender
- Female
- Informant
- Domhnall Ó Domhnaill
- Gender
- Male