School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 133
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Scríobhnóir: Sorcha Ní Fhirghil, Tulaigh, Clochán Liath.
- Ins an am a raibh Ó Domhnaill ag deanamh a chaisleáin i dTír Chonaill sí an dóigh a raibh siad ag déanamh an mhuirteail, an t-aol a fhliuchadh le fuil eallaigh. Chuireadh sé giománach amach fríd an duithche gach lá agus bheireadh an giománach isteach eallach ar bith a dtiocfadh sé fhad leo. Bhaineadh na saorthaí an fhuil asta agus chuireadh siad 'un an bhaile iad annsin.
Bhí baintreabhach bhocht ins an am ann agus ní raibh aicí ach bó amháin agus tugadh ar shiubhal í. Nuair a tháinic sí 'un an bhaile ní raibh ann ach é go raibh sí beo. Chuaidh an bhainteabhach agus níór (stad?) sí go raibh sí ag Caisleán Uí Dhomhnaill. Chuir sí ceist cá raibh sé agus tháinic sé fhad léithe.
"Is mór an náire duit é," arsa sise, "ní raibh agam ach bó amháin(continues on next page)