Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Ins an am a raibh Ó Domhnaill ag deanamh a chaisleáin i dTír Chonaill sí an dóigh a raibh siad ag déanamh an mhuirteail, an t-aol a fhliuchadh le fuil eallaigh. Chuireadh sé giománach amach fríd an duithche gach lá agus bheireadh an giománach isteach eallach ar bith a dtiocfadh sé fhad leo. Bhaineadh na saorthaí an fhuil asta agus chuireadh siad 'un an bhaile iad annsin.
    Bhí baintreabhach bhocht ins an am ann agus ní raibh aicí ach bó amháin agus tugadh ar shiubhal í. Nuair a tháinic sí 'un an bhaile ní raibh ann ach é go raibh sí beo. Chuaidh an bhainteabhach agus níór (stad?) sí go raibh sí ag Caisleán Uí Dhomhnaill. Chuir sí ceist cá raibh sé agus tháinic sé fhad léithe.
    "Is mór an náire duit é," arsa sise, "ní raibh agam ach bó amháin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.