School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 211
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a ithe annsin.
Thainic madadh beag dubh thart agus arsa seisean, "tabhair domh giota beag de'n arán le do thoil."
"Imthigh leat a choileain shalaigh, tá sé beag go leor agam fhéin," arsa'n mac.
Chuaidh an coilean agus mheasc sé a ruball ins an tobar agus tháinic uachtar fola agus íochtar meala air.
B'eigean do mhac na baintreabhaighe siubhal leis annsin agus a chuid aráin a ithe amach as cúl a dhuirn. Casadh fear air.
"Cá bhfuil tú ag dul," arsa'n fear leis.
"Ag dul ar lorg maighistire," ars mac na baintreabhaighe leis.
"Maith mar tharluigh," arsa'n fear, "mise fear atá ag gabhail ar lorg buachalla, agus déanfaidh mé fastódh leat go ceann lá agus bliadhna agus bheirfidh mé sé phunta duit go deireadh an ama sin. Ní bhéidh a dhath le déanamh agat ach mo mháthair a thabhairt suas 'un na leabhtha ar maidín(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic Ailín
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Crolly, Co. Donegal