Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 211
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a ithe annsin.
Thainic madadh beag dubh thart agus arsa seisean, "tabhair domh giota beag de'n arán le do thoil."
"Imthigh leat a choileain shalaigh, tá sé beag go leor agam fhéin," arsa'n mac.
Chuaidh an coilean agus mheasc sé a ruball ins an tobar agus tháinic uachtar fola agus íochtar meala air.
B'eigean do mhac na baintreabhaighe siubhal leis annsin agus a chuid aráin a ithe amach as cúl a dhuirn. Casadh fear air.
"Cá bhfuil tú ag dul," arsa'n fear leis.
"Ag dul ar lorg maighistire," ars mac na baintreabhaighe leis.
"Maith mar tharluigh," arsa'n fear, "mise fear atá ag gabhail ar lorg buachalla, agus déanfaidh mé fastódh leat go ceann lá agus bliadhna agus bheirfidh mé sé phunta duit go deireadh an ama sin. Ní bhéidh a dhath le déanamh agat ach mo mháthair a thabhairt suas 'un na leabhtha ar maidín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall