School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 235
- XML “Scéal”
- XML “Mar a Fuair Tulaigh an Leachta A Ainm”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thoisigh an rideal agus ghread síos ar an urlár é. D'éirigh sé agus bhí a cnamha iongantach nimhneach. D'imthigh sé amach ar an doras agus ní theachaidh sé a gcomhur ní ba mhó.Sgríobhnóir: Bríghid Ní Dhughain, Cró Phadruig, Clochán Liath.
Sgéalaidhe: Caitlín Nic Ailín, Croich-Shlighe. 50 bl. - Mar a Fuair Tulaigh an Leachta A Ainm.
Lá ceo amháin chuaidh bean de Chloinn Uí Chumhaill amach a chuartughadh a cuid eallaigh agus d'fhág sí a ingean istoigh ina diaidh. Nuair a b'fhada leis an ingean bhí sí gan a theacht dar léithe go rachadh sí amach a chuartughadh a máthara.
D'imthigh sí léithe agus an ceo ag druidim thart uirthí, agus í ag fanacht le na máthair a castail díthe; ach tháinig a máthair bealach eile 'un an bhaile. Acht d'imthigh an ghiorsach léithe fríd an cheo agus í ag cuartughadh a máthara ar fad. Tháinig an oidhche go gasta, agus dhruid an ceo thart uirthí, agus chuaidh sí ar(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal