School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 25
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí sé ag pilleadh chuaidh sé a chur. Shiubhail sé leis agus ar a bhealach 'un an bhaile chonnaic sé dreasóg agus bhí an t-uisce ag sileadh as. Bhuail truaighe an gasúr no bhí sé ag deanamh go mbeadh sé fuar agus arsa seisean "Mo uncal bhocht, tá tú caillte. Seo duit pighinn agus ceannuigh cota úr." agus chaith sé pighinn chuig an dreasóig agus d'imthigh sé leis na bhaile.
Nuair a chuaidh sé giota 'un tosaigh, chonnaic sé bláth beag deas agus é uilig fluich. Bhuail truaighe an gasúr agus chuir sé a lámh ina phóca agus arsa seisean, "Mo aintín bhocht fhéin, tá séal úr a dhith ort fa choinne an gheimhridh; seo duit pighinn agus ceannuigh ceann úr no tá sé a dhith ort." agus chaith sé pighinn chuicí.
Ní theachaidh sé i bhfad gur casadh crann mór air agus na deora ag sileadh(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Nic Ailín
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Crolly, Co. Donegal