Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 25
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí sé ag pilleadh chuaidh sé a chur. Shiubhail sé leis agus ar a bhealach 'un an bhaile chonnaic sé dreasóg agus bhí an t-uisce ag sileadh as. Bhuail truaighe an gasúr no bhí sé ag deanamh go mbeadh sé fuar agus arsa seisean "Mo uncal bhocht, tá tú caillte. Seo duit pighinn agus ceannuigh cota úr." agus chaith sé pighinn chuig an dreasóig agus d'imthigh sé leis na bhaile.
Nuair a chuaidh sé giota 'un tosaigh, chonnaic sé bláth beag deas agus é uilig fluich. Bhuail truaighe an gasúr agus chuir sé a lámh ina phóca agus arsa seisean, "Mo aintín bhocht fhéin, tá séal úr a dhith ort fa choinne an gheimhridh; seo duit pighinn agus ceannuigh ceann úr no tá sé a dhith ort." agus chaith sé pighinn chuicí.
Ní theachaidh sé i bhfad gur casadh crann mór air agus na deora ag sileadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall