School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 86

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 86

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 86
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gur mhór an truaighe an t-airgead a bhaint do nuair a bhí sé comh cliste agus gur shaothruigh sé agus dubhairt sé go bhfiachadh seisean a chuid clisteachta. D'iarr sé air an fáinne óir a bhí ar a mhéara a inghin a ghoid.
    Nuair a chualaidh Larraí seo, fuair sé culaith úr eadaigh agus fáinne óir. Lá maháin d'imthigh sé amach a shiubhal. Níor b'fhada go dtáinig sé fhad le teach bréagh. bhí garraidh bréagh bláthanna agus cailín óg iina suidhe amuigh ina lár. Chuaidh sé anonn fhad léithe. Fá dheireadh fuair sise eolas airsean agus eisean eolas uirthi-se. Bhí siad ag amaidigh 's ag dhul do chéile no go dtí gur shleamhnuigh fáinne an óir anuas de na méar.
    D'imthigh sé leis go tiugh géar agus thiocfadh leis no go dtí gur shroich sé an baile agus an fáinne leis. I dtráthaibh dhul ó sholas do'n thug an cailín fá dear go raibh a fáinne caillte aicí. Agus d'innis sí do na máthair é annsin d'innis sise do'n mhinistir é. Dubhairt sé annsin go dtabhairfeadh sé an seans deireannach dó an breathlín a bhí faoi na bhean agus faoi fhéin a ghoid.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Anna Bhreathnach
    Gender
    Female
    Age
    51
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal