Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 410
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus go dtáinig an bhean fhad leis.
Bean chliste a bhí innti. Comh luath géar agus tháinic sí fhad leis chuir sí biorán draoidheachta in a chuid gruaige. Chomh luaithe a chuir no thuit sé ina chodladh. Annsin d'iarr fear an éadaigh ghlais ar an fear a rabh an t-éisteacht maith aige a chluas a chur leis an talamh go bhfeicfeadh sé an rabh an péire ag teacht ar na gaobhair. Dubhairt sé go rabh bean an Ríogh ag druidim leo ach go rabh an fear s'aca-san ina chodladh.
Annsin h-iarradh ar an fear a rabh an anál láisir aige an bhean a shéideadh arais go dtí an áit a rabh an fear ina chodladh agus an fear a bhí na chodladh a mhusgladh as a shuan. Rinne an duine ai mar h-iarradh air agus tamall ina dhiaidh sin tháinig an fear fhad leo agus dubhairt sé gur fhág sé an bhean i bhfad ar gcúl.
Annsin chuaidh an prionnsa isteach chuig an Rí an tríomhadh h-uair. Dubhairt an Rí leis anois go gcaithfeadh sé siubhal ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Donegal