Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 410

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 410

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 410
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus go dtáinig an bhean fhad leis.
    Bean chliste a bhí innti. Comh luath géar agus tháinic sí fhad leis chuir sí biorán draoidheachta in a chuid gruaige. Chomh luaithe a chuir no thuit sé ina chodladh. Annsin d'iarr fear an éadaigh ghlais ar an fear a rabh an t-éisteacht maith aige a chluas a chur leis an talamh go bhfeicfeadh sé an rabh an péire ag teacht ar na gaobhair. Dubhairt sé go rabh bean an Ríogh ag druidim leo ach go rabh an fear s'aca-san ina chodladh.
    Annsin h-iarradh ar an fear a rabh an anál láisir aige an bhean a shéideadh arais go dtí an áit a rabh an fear ina chodladh agus an fear a bhí na chodladh a mhusgladh as a shuan. Rinne an duine ai mar h-iarradh air agus tamall ina dhiaidh sin tháinig an fear fhad leo agus dubhairt sé gur fhág sé an bhean i bhfad ar gcúl.
    Annsin chuaidh an prionnsa isteach chuig an Rí an tríomhadh h-uair. Dubhairt an Rí leis anois go gcaithfeadh sé siubhal ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conall Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Gallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    59
    Seoladh
    Leitir Catha, Co. Dhún na nGall