School: Cruit Island (roll number 16069)

Location:
An Chruit, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 25

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 25

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruit Island
  2. XML Page 25
  3. XML “Aodh Bán agus Séamus Crón”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé thoir. Casadh an t-oifigeach air agus é ag marcuidheacht ar chapall agus é gléasta go galánta. Nuair a chonnaic sé Seamus thionntuigh sé an capall agus d'imtigh i gcosa 'n áirde treasna na trágha. Bhí Seamus go luth le fiadh agus ar shiubhal leis indiaidh an chapaill. Nuair a thainig an capall go dtí an gainimh bog a bhí ag bárr na trágha thosuigh sé ag dul in abar agus thainig Seamus suas leis agus bheir greim ruball air, tharraing an t-oifigeach anuas ón a dhruim agus mharbuigh sé é.
    Nótaí:- Thug Siubhan Ní Dhomhnaill as Beul na Cruite an scéal céadna dom acht dubhairt sise nach in Iochtar na Cruite a léim Seamus Cróin leis an bheann. Dubhairt sise gur beann san Oileán Mór tá ar a taobh thuaidh de Oileán na Cruite a léim sé leis.
    Shroic na saigidiúirí an oileán ag "Scailp Cunningham" (sin an t-ainm a bhí ar an oifigeach) agus gur bheir Seamus greim dá ordóig ar féin agus léim amach san fhairrge agus go bhfuair sé ar shiubhal ortha. Tá Scailp Cunningham le feiceail annsin go fóill agus tá na sean daoine abalta an beann a thaisbeaint ar léim Seamus Cróin leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Searcaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Proinseas Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Béal na Cruite, Co. Donegal