School: Béal na Cruite (Belcruit) (roll number 5734)
- Location:
- Béal na Cruite, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dhírigh Eamonn an gunna ar an ait a rabh an neach seo na luighe, acht bhuail an dara smaointigh é nach rabh sé fhad urchair den rud agus gur bhfearr do cupla cóiscéime eile a thabhairt níos comhgaraighe do. Tarraing Eamonn na (cupla) céad cupla céimeanna ar nos an chait ag é indiaidh eanlaithe, acht nuair nar bhog an neach seo shiubhal sé níos comhgaraighe agus níos comhgaraighe agus an gunna dirighthe aige i dtólamh go bhfhaca sé sa deireadh an tachrán beag giorsaighe na luighe na codladh. Nidh nach iongnadh damharc sé thart go bhfeicfeadh sé ca rabh na daoine bhí leithe acht ní rabh an duine le feicheal ar a amharc.Mhuscail sé an leanbh bheag ar shamhail sé bheith eadar a dhá agus thrí bhliadhain de aois, acht bhí an creatuir bocht cunailte na luighe amuigh agus gan uirthí acht sgríosán beag bratógaí.Nuair a thainig sí chuicí féin sa deireadh bhris an caoineadh amach uirthí, agus thoisigh ag sgairtidhe ar Mhámaí acht fa chionn tamaill bhig chiuinigh sí, acht ní rabh sí abálta innsigh don fhear mhor cébí féin, c'en tainm bhí ar a(continues on next page)
- Informant
- Máire Nic a Bhaird
- Gender
- Female
- Age
- 99
- Address
- Béal na Cruite, Co. Donegal