School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 31
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh sé cómhair fhad leis a chúirt agus smaoi’tig nach rabh ‘fhios aige goidé an cineal duine a bhí ins an rígh, agus go mbféidir gur ‘un báis a chuirfeadh sé é gan ceathramha anamha gan tagail, agus go mbfeárr do fanacht uadh go bhfeicfeadh sé goidé an nádúir a bhí aige.
Thréig sé cúirt an ríogh agus chuaidh sé síos bealach eile agus casadh isteach e ina dteach bheag dheas dheismear. Ní fhuair sé ann acht seanbhean aosta. D’iarr sé ósd na h-oidhche go maidín uirthí. Dubhairt sí nach rabh áit aici d’fhóghnóchadh do ghaisgidheach d’a mhac-a-samhail.
“Maise”, ar seisean, “nuair atá tú fhéin ag deánamh leis i gcomhnuidhe, nach bhfuil sé maith go leor agam-sa oidhche amháin”. Dubhairt sí leis a bheithidheach a ceangal d”on doras agus a theacht ar aghaidh. Thainic sé ar aghaidh, agus d’éirigh an t-seanbhean, agus chuir sí síos uisge ar an teinidh, agus d’iarr sí air a chosa a nighe ins an uisge theith, no go rabh sé tuirseach.
Nuair a bhí a chosta nighte aige d’éirigh sí in a suidhe, agus rinne sí réidh a shuipear.
Nuair a bhí a shuiphear deánta aige chóirigh sí leabaidh mhín luachra dó. Chuaidh sé a luighe, agus ní fada a bhí sé in-a luighe nuair a sinneadh na trí gháire ba mhó a chualaidh sé ariamh(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal