Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- Doochary, Co. Donegal
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 222
- XML “Seanamhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán
“Dia Máirt a rinneadh mo chleamhnas”
Fuaras an t-amhráin seo ó - Pádruig Mac Mhaongail. (feirmeóir)
Seóladh: Doire na nAspol, Dubhchoraidh, Tír Chonaill.
Chualaidh seisean é ag a athair atá marbh le ocht mbliadhain anuas, agus a bhí 'na chomnidh i nDoire na nAspol fosta.
Dia Máirt a rinneadh mo chleamhnas.
Mo chreach agus m'angadh géar.
Pósadh mise gan amhras ar saimhailt do mhnaoi gan scéim
Níor ghlac mise comhairle mo mhuinntir
Gur páirt mhór da m'aimhleas é.
Mura gcasfaidhe ach an sagart sa ghleann damh.
Go mbainnfinn an ceann do ar léim.
Nuair a théighimse go hAifreann an Dómhaigh
'Sé fhiafruigheann na h-óig-bhean daoimh
"A Chormaic an bhfuil tusa pósta?"
Nó na n-aithnigheann tú an óige do do claoidhe
'Sé dubhairt agus deirimse leóbhta go
bhfeicim go mór faraor.
Agus an méid agaibh atá gan pósadh gur agaibh atá spórt sa tsaoghal.- Faisnéiseoir
- Pádruig Mac Mhaongail
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na nAspal, Co. Donegal