School: Dubhchoradh
- Location:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhchoradh
- XML Page 331
- XML “Comhairle an Bhacaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Comháirle an Bhacaigh.
Bhí sean bhean agus sean duine ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin aca. Ins an deireadh pósadh í ar bhuachaill óg. Nuair a shuidheadh siad isteach ag a gcuid ní íosadh an sean-duine ach cupla greim go n-éireochadh sé arais. Bhíodh náire ar an bhuachaill suidh ag an tábla i ndiaidh an t-seanduine agus ní bhíodh leath a sháith ithte aige. Ins an deireadh bhí sé cailte leis an ocras. Lá amháin bhí sé ag siubhal amuigh agus casadh fear air. D’fhiafruigh an fear de caidé a bhí air nó nach sin an chuma a bhí air nuair a chonnaic seisean i roimhe é. D’innis an buachaill dó an sgéal ó thús go deireadh nach rabh sé ag fághail leath a sháith bidh le h-ithe. “Bhal, arsa an fear rachaidh mise ‘na bhaile(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Gender
- Female
- Age
- Over 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall