School: Dubhchoradh
- Location:
- Doochary, Co. Donegal
- Teacher: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhchoradh
- XML Page 255
- XML “Eoghan Ó Baoighill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eallaigh caithte síos annsin ag bun an urlair arsa seise agus cuirfidh mise i folach thú nuair a chluinfidh mé iad ag teacht. Ní rabh i bhfad go bhfacas iad ag teacht agus scaifte eallaigh leobhtha. Chuir an bhean i bhfolach é agus chaith na croicne san mhullach air.
Tháinig siad isteach agus thóg gach bean pláta preataí agus feola de na fear fhéin. Nuair a bhí a gcuid deánta aca thosuigh cuid aca ag caitheamh píopa agus thosuigh an chuid eile ag sgéalaidheachta.
Tamall na dhiaidh sin dubhairt fear aca na rah dadaidh fa choinne maidín lá ar na bhárach agus go rabh sé comh maith aca ceann de'n eallach a mharbhughadh. Chuaidh siad amach agus thug isteach ceann. hí adharca uirthí comh mór agus go rabh obair aca í fhághail isteach ar an doras. Annsin thug fear leis tuagh agus tharraing buille uirthí. Chuaidh sí ar mire fríd an teach(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Gender
- Female
- Age
- c. 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal