School: Dubhchoradh
- Location:
- Doochary, Co. Donegal
- Teacher: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhchoradh
- XML Page 266
- XML “An Fíodóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus nuair a bhí sé deánta aca d'iarr siad ar an Fhigeadóir ghabhail isteach chun toigh fá choinne a dhinneára. D'fiafruigh bean an toighe do cá h-áit a dtáinig sé as. Dubhairt sé go dtáinig sé as na Flaitheas "An bfacaidh tú bean ar bith a fuair bás as an teach sguas ar a dtugtar Síobháin uirthí. Seo cupla plainncéad agus tabhair suas chuig Síobhain bocht iad nó creidimh go bhfuil sé iongantach fuar shuas annsin. Tá sean beathach bán amuigh san bóitheach agus tabhair leat í. Thug sé leis í agus chur na plainnceáid ar a drum. Ní rabh i bhfad go bhfacaidh sé toír in-a dhiaidh. Ceanghail sé an capall de crann agus luigh sé fhéin ar shlait chúl a chinn ar an bhealach mhór.
D'fiafruigh an fear do an bhfacaidh sé fear ar bith ag teacht an bealach seo ar(continues on next page)