School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chualaidh an Madadh Ruadh seo thug sé léim amach as an bhád agus d’imthigh sé leis suas an oileáin agus chuaidh sé isteach in uaimh ar an taobh eile. Annsin bhí na fir iongantach buadhartha cionnus go dtug siad leobhtha é ar chorr ar bith. Tháinig na cearca a’ imhteacht (sea) fá thuairim seachtmhain na dhiaidh, agus ní rabh fios aca caidé bhí ag teacht ortha. Acht ins an deireadh fuair siad amach gurb ‘e an madadh ruadh a bhí ag teacht ortha. Annsin thoisigh na daoine ag cur na Madaidh baile ann. Ach bhí an Madadh Ruadh i gcomhnuidhe ró chliste aca. Leanfad na madad é go bárr na mbeann a bhí os cionn na fairrge.
Annsin bhearfadh an Madad Ruadh léim síos ar laftán a bhí ann agus chrochadh sé é fhéin as tom fraoich a bhí ann. Bheadh na madaidh eile ag teacht go gasta ‘na dhiaidh, agus nuair a rachadh an Madadh Ruadh i bhfolach. Shíleadh siad-san gur san fhairrge a chuaidh sé, agus léimfeadh siadsan amach na dhiaidh agus bháiththaoi iad.
Annsin choimhead muinntear an oileáin é lá amáin, agus chonnaic siad caidé bhí sé a dheánadh. Bhí an bhínn comh h-árd sin agus a dhath da rachadh, níor bhaoghall dó theacht aníos arais. Ach caidé bhí an madadh ruadh a dheánadh ach cáide bhí an madadh ruadh a dheánamh ach ag teacht aníos arais an dhreasóg agus tom an fhraoich.(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Tiománaí
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal