School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhad leo chaith siad ceann de na coileán chuicí agus annsin d’imthigh sé leis na bhaile. Tamall fada na dhiaidh sin chonnaic siad an chú ag teacht na ndiaidh arais chaith siad an coileán deireannach cuicí. Annsin d’imthigh an chú na bhaile an choileán leithe. Nuair a chuaidh an chú na bhaile bhí an doctúir ag iarraidh tabhairt ar an (Rí) chú imteacht na ndiaidh arais. Ach nuair a fuair an cú a chuid choilean ní imteochadh sé ní ba mhó.
San deireadh thug an doctúir leis dhá beathadhach agus carr agus d’imthigh sé fhéin agus a (bhean) mhathair na n’diaidh. Nuair a bhí na giorrsachaí giota eile ar shiubhail chonnaic siad an doctúir agus a mhatair ag teacht na ndiaidh. Ní rabh fios aca an t-am seo caide deánfadh siad.
Bhí slat draoidheachta ag bean aca agus bhuail sí ar an talamh í. Ins an bhómaite d’éirigh teach pobail mór ann agus tháinig cuid mhór daoine isteach ann. Rinneadh sagart de’n ghiorrsach a b’óige aca agus thoisigh sí a leigheamh an Aifreann.
Táinig an doctúir agus a mhathair isteach agus chuir siad ceist ar an t-sagart an bhfachaidh sé giorrsácaí ar bith ag gabhail thart an bhealach seo. Dubairt an sagart leobhtha go bhfacaidh sé truír giorrsach ag dhul amach an chnoc agus iad ag siubhail go gasto, agus dubairt an sagart leobhtha go rabh cuma(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Dubhthaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal