School: Loch an Iubhair (roll number 16829)

Location:
Loch an Iúir, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 332

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 332

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch an Iubhair
  2. XML Page 332
  3. XML “Fear Mhachaire Gathlán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a ba cheart dó a dhéanadh. Lá beag ribeach colgach a bhí ann. Bhí an ghaoth anair, agus an fuacht nimhneach a bhí aisti chailleadh sí taidhbhsé. Chuaidh sé suas ‘un toighe. Bhí cú bréagh aige nach rabh a léithéid eile fá chéad míle díthe ó bhí cú bán Shéagháin Ruaidh ann. Ní rabh léigheadh nó sgríobh’ nó innse béil ar an oiread is bhí sílte aige de’n chú sin. Smaointigh sé arais go rachadh sé isteach a dh’amharc ortha. Rinne sé réidh, thug leis a chú a’s a chéaslaidh agus tharraing sé síos ar an chladach. Bhí an tráthnóna garbh; acht má bhí fhéin níor shíl sé mórán dé bhí sé comh cleachtuighthe sin leis an fhairrge. Nuiar a tháinic sé fhad leis an chaislaigh chur sé an curach ar an uisge is shín sé fhéin a’s an cú leo ag tarraingt air Oileán-Bó.
    Ins an am sin ba ghnáthach le soithigh móra na fairrge cuid mhór ádhmaid a chailleadh nuair a bhéadh an aimsear gharbh ann, agus thiocfadh cuid mhór dó’n ádhmad fá thír ins an am. Creidim fhéin go rabh sin a thabhairt fosta comh maith leis an eallach.
    Nuair a tháinic sé fhad le cladach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Proinnsias Óg Mac Gríanna
    Gender
    Male
    Informant
    Proinnsias Mac Grianna
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal