School: Loch an Iubhair (roll number 16829)

Location:
Loch an Iúir, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 337

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 337

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch an Iubhair
  2. XML Page 337
  3. XML “Fear Mhachaire Gathlán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ins na sálaibh aige ar fad. Bhí claidhe mór eadar an teach agus an fhairrge. Bhí bearnaidh mhór árd i lár an chlaidhe agus dhá mháide ‘na seasadh innti mar bhéadh cras ann. Reath an fear isteach fríd cheann de na poill a bhí ins an chrais, agus nuair a tháinic an tarbh ‘fhad leis an chras a bhí ins an bhearnaidh leig sé buirfidh amháin agus nuair a d’amharc an fear thart ‘na dhiaidh fuair sé amharc míre i súilibh an tairbh, agus cuma air nach rabh uchtach aige a theacht ní bfuide. D’amharc sé thart arais. Ní rabh tarbh ar bith le feiceáil aige an t-am seo. Chuaidh sé suas ‘un toighe, agus d’innis dó nó mhnaoi goidhé mar bhí. Chuaidh sé i luighe. Dubhairt sé le na mhnaoi gur mhaith leis í an sagart a thabhairt chuige. Nuair a tháinic an sagart ‘un toighe bhí an chainnt caillte ag an fhear agus ní rabh an sagart leath bealaighe arais go dtí go rabh an fear marbh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Proinnsias Óg Mac Gríanna
    Gender
    Male
    Informant
    Proinnsias Mac Grianna
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal