Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ins na sálaibh aige ar fad. Bhí claidhe mór eadar an teach agus an fhairrge. Bhí bearnaidh mhór árd i lár an chlaidhe agus dhá mháide ‘na seasadh innti mar bhéadh cras ann. Reath an fear isteach fríd cheann de na poill a bhí ins an chrais, agus nuair a tháinic an tarbh ‘fhad leis an chras a bhí ins an bhearnaidh leig sé buirfidh amháin agus nuair a d’amharc an fear thart ‘na dhiaidh fuair sé amharc míre i súilibh an tairbh, agus cuma air nach rabh uchtach aige a theacht ní bfuide. D’amharc sé thart arais. Ní rabh tarbh ar bith le feiceáil aige an t-am seo. Chuaidh sé suas ‘un toighe, agus d’innis dó nó mhnaoi goidhé mar bhí. Chuaidh sé i luighe. Dubhairt sé le na mhnaoi gur mhaith leis í an sagart a thabhairt chuige. Nuair a tháinic an sagart ‘un toighe bhí an chainnt caillte ag an fhear agus ní rabh an sagart leath bealaighe arais go dtí go rabh an fear marbh.
- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Gríanna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall