School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seasamh i lár an churaigh. Bhí slat gheal ‘na láimh aice agis dhá ubhal dhéarg aice agus í ‘á gcaitheamh i n-áirde agus gan í ag leigint a’n cheann amháin chun talaimh aca.
Tháinic sí isteach go dtáinic go dtí an cladach agus tharraingt an curach suas ar an chloich ‘na diaidh. Siubhal sí léithe go rabh sí thuas ag Cod. D’fiafruigh sí dé c’ainm a bhí air. Dubhairt seisean gur Cod mhac ríogh na h-Ioruaidhe.
“Maise má’s tú Cod mhac ríogh na h-Ioruaidhe is tú árd-ghaisgidheach an domhain. Is mise nighean ríogh na Gile. Anois cuirim-sa fa gheasa thú agus fa chrosaibh agus fa dhíombantas na bliadhna thú bhéith ar shiubhal a choidhche go bhfagha tú bean a dhéanadh domh-sa” ar sise.
Thug sé síothadh anonn ag brath greim ‘fhagháil uirthi, agus d’imthigh sí uaidh. D’fhiafruigh sé díthe goidé an rud í. Dubhairt sí leis:-
“Bím seal ‘m’eala caol cuai,
Seal ‘mo dhobhrán i n-easaibh,
Seal ‘m’each na saor-insí,
Seal ‘mo ghas raithnighe,
Seal ‘mo chnapán ceo,(continues on next page)- Collector
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Proinnsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal