Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)

Suíomh:
Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 380

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 380

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch an Iubhair
  2. XML Leathanach 380
  3. XML “Eachtra Chlann Rí na hIoruaidhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seasamh i lár an churaigh. Bhí slat gheal ‘na láimh aice agis dhá ubhal dhéarg aice agus í ‘á gcaitheamh i n-áirde agus gan í ag leigint a’n cheann amháin chun talaimh aca.
    Tháinic sí isteach go dtáinic go dtí an cladach agus tharraingt an curach suas ar an chloich ‘na diaidh. Siubhal sí léithe go rabh sí thuas ag Cod. D’fiafruigh sí dé c’ainm a bhí air. Dubhairt seisean gur Cod mhac ríogh na h-Ioruaidhe.
    “Maise má’s tú Cod mhac ríogh na h-Ioruaidhe is tú árd-ghaisgidheach an domhain. Is mise nighean ríogh na Gile. Anois cuirim-sa fa gheasa thú agus fa chrosaibh agus fa dhíombantas na bliadhna thú bhéith ar shiubhal a choidhche go bhfagha tú bean a dhéanadh domh-sa” ar sise.
    Thug sé síothadh anonn ag brath greim ‘fhagháil uirthi, agus d’imthigh sí uaidh. D’fhiafruigh sé díthe goidé an rud í. Dubhairt sí leis:-
    “Bím seal ‘m’eala caol cuai,
    Seal ‘mo dhobhrán i n-easaibh,
    Seal ‘m’each na saor-insí,
    Seal ‘mo ghas raithnighe,
    Seal ‘mo chnapán ceo,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinnsias Óg Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall