School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch an Iubhair
- XML Page 409
- XML “Seaghan Beag na nGabhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)IX
Seaghan Beag na nGabhar.
Bhí gasúr beag ann aon uair amháin agus fuair a mháthair bás nuair a bí sé beag. Phós an t-athair arais agus bhí an leas-mháthair iongantach olc dó. Ní bhfuigheadh sé leath a sháith le h-ithe agus sé a rabh é fhaghail sugh na nduilleóg agus croicne na bpreataí.
Sé an obair a bhí fá na choinne amuigh ag buachailleacht gach lá. Bhéadh an gasúr béag ag caoineadh leis an ocras agus an lá seo tháinig tarbh reabhach imeasg an eallaigh. Labhair sé leis an ghasúr agus d’iarr sé air a lamh a chur isteach ina chluais dheis. Rinne an gasúr mar h-iarradh air, agus í bpreabadh na súl tháinig tábla deas faoi agus achan seort bidh níos fearr ‘na cheile. Gheobhadh sé a chuid achan lá ó sin suas.
Bhí cailleach phisleogach ar an bhaile, agus tháinig sí isteach lá amháin ag an leas-mháthair. Dubhairt sí léithe go rabh Seaghan ag biseadh go maith ach go rabh tarbh reabhach amuigh san pháirc agus go gcaithfeadh sise é fhaghail marbh. “Caidén dóigh ar sise bfuigh mise é marbh”.(continues on next page)- Collector
- Donnchadh Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Informant
- Eoghan Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Loch an Iúir, Co. Donegal