School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch an Iubhair
- XML Page 421
- XML “Scámhall agus Cúige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go géar ar an bhean a bhí sa chluduigh agus d’aithin sé gur be cúige a bhí ann. D’amharc sí air agus dubhairt :- Tá “cuil fhuaicht” orm “Cuil éid” agus “Cuil ochráis”. Maise arsa an Dalach tá feoil sa phota agus sugha. Tá salann ar an fheoil agus ar an t-sugha arsa sise agus ní thiocfhadh liom i a ithe. Acht arsa sise an méid spré a chruinnigh tú le fada imtheochaidh sé mar d’imtheochadh an sneachta on “Grogán” agus iarram-sa athchuinge ar Rí na dtor gan aon pháiste a theacht chun t-saoghail san talamh a b’fhuil mé mo sheasamh ann a coidhche agus d’imtí sí Ó sin amach thoisigh na caoirigh agus an t-eallach fághtha bháis [iad]? go dtí nach rabh fághtha do spre aige san deireadh acht sean chliobóg agus rinne sé suas a inntinn go go rachadh sé go h-aonach chill-Uí-Creanáinn léithe agus go gceannochadh sé bó ar a son. D’imthí sé le h-eirigh Gréine ar [?] maidín agus bhí sin ann maidín dheas. (Bhí) Í dtús má an Aibreáin a bhí ann agus bhí cuid fuiseogaí Mín-An-Droighin ag cur fáilte roimhe ar a bhealach amach(continues on next page)
- Collector
- Pádraic Ua Rabhartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Maighread Ní Cnáimhsighe
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Mín Doire na Slua, Co. Donegal