School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 161
- XML “Scéal Áranna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal ÁrannaChuir muinntir Áranna Móire teachtaireacht chuig Ruaidhrí Ruadh Ó Domhnaill, a bhí ‘n-a chomhnaidhe ar an Ghlasaigh a theacht ar cuairt ‘un oileáin chuca. Tháinic sé agus chaith sé coicthighis ann a measc agus nuair a bhí sé ag gabhail go tír-mór arais chuir siad losta báid de phronntanais leis agus éadach órnaidthe faoi a chosa sa bhád.
Bhí bodach Gallda ‘n-a chomgnaidhe i nGleann Cholmcille ar bh’ainm do an Captaoin Muireachtaigh agus nuair a chualaidh sé an [t-rdh]? a bhí ar an Dalach smaointigh sé go bhfiachad sé fhéin a lámh fríd Árainn.
Chuaidh sé go hÁrainn agus d’fhan sé ann dhá oidhche agus ar an tríomhadh maidín d’iarr sé ortha bádóir a fhághail a d’fhágfadh amuigh ar tír-mór é. Chuimil an teach ósta go cruaidh do ná bhí luach a mhuineal le díol aige ar son an dá oidhche a bhí sé ann.
Nuair a tháinic sé amach go hAilt a Choráinn an tríomhadh lá labhair sé leis an bhádóir(continues on next page)- Collector
- Cáitlín Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal