School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 177
- XML “Domhnall Buaidheachta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tógadh amach as an ghainimh í. Chuaidh Domhnall agus a bhean i gceann dithe agus chuaidh Domhnall óg agus Mac Gadthain as an taoibh thiar de’n tír sa cheann eile dithe. D’iomchar siad ó ghiota go giota í aníos go teach Dhomhnaill. Bhí seomra tógtha aige, fán am seo, suas as an chistinnigh a raibh urlár leacach ann.
Tógadh cuid de na leacacha a bhí i lár an urláir agus thochail siad poll mór agus chuir siad an clog síos ann. Líon siad isteach an poll arais agus leag siad na leacacha isteach ann an áit fhéin araist san dóigh nach n-aithneóchadh duine ar bith gur leagadh lámh air.
Nuair a bhí seo deanta aca bhí an mhaidín ann. Rinn bean Dhomhnaill réidh biadh agus nuair a bhí an biadh caithte aca thug Domhnall óg Ó Baoighill agus Mac Gadthain a n-aghaidh ar a’ bhaile.
Ar a theacht isteach ‘un toighe do Dhomhnall óg bhí a bhean ‘n-a suidhe ag fuireacht leis agus gan fhios aici faoi rothaibh na greine ca h-áit a deachaidh sé ná níor leig sé ‘ar a anál(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Baoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal