School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 190
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tógtha ó'n fheoil. Sa deireadh d'imthigh sé agus é eadar bás agus beatha.
Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh madadh ruadh air agus dubhairt an madadh ruadh leis gur b'fhearr do fhéin agus a bhean imtheacht an oidhche sin go dtí an baile mór agus go mbeadh seisean annsin ag fanacht leo; go gcuideochadh sé leo agus go bhfuigheadh sé loistín na hoidhche go maidin daobhtha.
D'imthigh an fear leis ag tarraingt ar an áit ar fhág sé a bhean agus bhí sí annsin ag fanacht leis. Tháinic iongantas mór uirri nuair a chonnaic sí a fear ag tarraint uirri agus é stroctha, millte, gearrtha. D'fhiafruigh sí de caidé tháinic air ná ar imthigh an diabhal. Dubhairt sé leithe nar imthigh.
"Ach fan", ar' seisean, "agus innseochaidh mé duit an mí-adh a bhí orm agus an méid de na diabhail a tháinic orm agus an bhail a thug siad orm sul mar bhfuair mé imtheacht as a gcrúba. Nuair a chuaidh me isteach 'un toighe chuaidh mé suas i(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Prionnsias Mac Páidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal