School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreabhach ann uair amháin agus ní raibh de chlainn aici ach aon mhac amháin. Bhí siad ionganach bocht- go bocht leis a' deoir, agus ní raibh de bhólacht aca ach sean-bhó.
Lá amháin ní raibh an ghreim bídh faoi chreataí an toighe aca agus d'iarr an mháthair ar Sheaghan an t-sean-bhó a thabhairt leis 'un aonaigh agus í dhíol. Ar maidin lá thar na mharaigh d'éirigh Seaghan le scairt an choiligh , thug a cuid do'n bhoin agus d'imthigh leis.
San am sin ní raibh na bealaigh móra comh fairsing agus tá siad anois agus b'éigin do Seaghan a ghabhail aithghiorra na gcnoc ag tarraingt 'un aonaigh. Nuair a bhí sé amuigh i lár na gcnoc chualaidh sé glór ar a chúl ag scairtigh leis. D'amharc sé thart agus chonnaic sé diúlach beag nach raibh móran méide ann. Chuir sé ceist ar Seaghan an raibh sé ag gabhail a dhíol na bó agus dubhairt Seaghan go raibh cinnte.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Anagaire, Co. Donegal