School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na héisc iad fhéin isteach. Ní raibh sé i bhfad ar an obair sin gur éirigh sé go saidhbhir agus nach raibh fhios caidé ‘n saidhbhreas a bhí aige.
Sa deireadh, rugadh mac óg do mhnaoi an iascaire agus nuair a d’éirigh sé mór ní rachadh sé i chomhair na fairrge ar chor a’ bith. Rachadh sé, i gcomhnaidhe, amach fá na cnuic a sheilg.
Lá amháin nuair a bhí sé amuigh ag fiadach chonnaic sé mac-tíre, cú agus seabhac agus iad ag troid fá ghiota feola a bhí aca. Chuaidh sé agus rann sé an fheoil na trí cuideanna eatorra agus thug a chuid fhéin do gach ceann aca.
Annsin d’fhág an mac-tíre trí ghaisteacht mac-tíre agus tri ghaiscidheacht mac-tíre aige. D’fhág an cu trí ghaisteacht con agus tri ghaiscidheacht con aige agus d’fhág an seabhach trí ghaisteacht seabhaic agus trí gaiscidheacht seabhaic aige.
Tamall gearr ‘n-a dhiaidh sin nuair a bhí sé amuigh ag fiadhach chonnaic sé girrfhiadh bán. Rinn sé cú de fhéin agus lean sé é go dtí go deachaidh sé amach san fhairrge. Léim an girrfhiadh suas agus rinn maighdean mhara do(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Chrosáin
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Grianna
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal