School: Dún Lúithche (roll number 16423)
- Location:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Teacher: Séamas Mac Giollabhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Lúithche
- XML Page 206
- XML “An Earagail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An EargalSeo an cnoc is aoirde i dTír Conaill. Tá sí suidhte mar gárda ar ceanntar Dhúin a Lúithche, agus is minic a bhíonn sí na hadhbhar aidhneais ag lucht léighinn.
Cadé an chiall atá leis an fhocal - Eargal. Sin an cheist a sháraigh moran daoiní, agus saoilim nach bhfuil an cheist réidhtig go fóill?
Cuireann "Joyce" n n-umhal dúinn agus níl amhras ar bith air gur hainmniughadh an sliabh seo as an tseipeal a bhí ins an tsean chill ( ar thrácht mé ar an leathanach thall).Bhain an dochtúir maguidhir úsáid as an eolas seo seal bliadhanta ó shoin ins na paipearaibh nuaidheachta.Gan mhoill indiaidh fuair sé litir uadh an Duke of Argyle, ag foillseadh gur b’ionann an focal Eargal agus an teidil a bhí ‘na tEaglach sin; agus go bhfuaras é mar seo. Ear – (earth_ agus geal (white).
Caithfear adhmhail go bhfuil seo cosamhail leis, na ar taobh na fairrge don t-sliabh, tá brollach geal de clochaibh sgaoilte.
Casadh orm uair amháin sagart i gco Mhuineachain agus bhí sé an tugtha ag polladh ainmneacha áiteacha. Ní fhaca sé ariamh an Eargal roimhe sin agus seo mar chuaidh an cómhradh eadrainn.
“An bhfuil an cnoc seo comhgarach don fhairrge
“Tá.
“An bfuil taobh na fairrge don Eargal geal.
Tá sin ceart.(continues on next page)- Collector
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir