School: Bun an Inbhir (roll number 5166)
- Location:
- Bun an Inbhir, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Pháidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bun an Inbhir
- XML Page 98
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalBhí fear ina comhnuidhe í dToraighe fadó agus bhí sé ‘na chléireach ag sagart a béadh ag rádh Aifrinn amuigh ins na chnuc ar eagla go dtiochfadh na Sasannaigh air agus go muirfeadh siad é. Bá é an t-ainim a bhí ar an chleireac seo Maol Muire cionnus go rabh blagóid air agus gan é ach óg
Maidín Domhnaigh amháin chonnaic se sgaifte mór daoine thuas ar taobh chnuich san áit ábh gnatach leis an t-sagart a bheith ag rádh an Aifrinn. Rith Maol Muire go dtí an áit agus níor smaontuigh sé culaith an cléirig a chur air. Nuair a bhí an t-Aifreann thart thugh an sagart bata dear buidhe do agus dubhairt sé “tabhair leat an bata seo agus tig leat ceist ar bith a cuir air agus freagharóchaidh sé duit í.” Thug Maol Muire leis an bata agus ag dul na bhaile do connaic sé sgaifte eile daoine agus sagart ina seasamh istig i lár. Chuaidh sé fhad leis an t-sagart agus d’friathal sé an t-Aifreann dó. Nuair a bhí an t-Aifrean thart thaisbhean sé an bata do’n t-sagart.
D’iarr an sagart air an bhata a caitheam nadh nó gur é an diabhal a tug dó é agus go rabh a anam ceapuighe aige(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ua Fearraide
- Gender
- Male
- Address
- An Ghlaisigh, Co. Donegal
- Informant
- Conall Mac Pháidín
- Gender
- Male