School: Doire Beag (B.)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag (B.)
- XML Page 167
- XML “Siógaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear eile teacht treasna ar thráigh Machairechlochair oidhche tamall indhiaidh dhul a sholus agus gasur beag leis ar ghreim láimhe. Nuair a bhí siad teacht amach aran bearna bhuidhe i mbéal na trágha chonnaic an gasur an teine tuairim ar cupla céad slat uaidh agus an dream beag na rith thart uirthi agus an gleo sin aca. Shíl sé gur páistí an bhaile a bhí ann, agus dubhairt se le’n athair. Nach fada anoir a thainic an t-áos óg anocht. Le sin leigidh se amach a athair agus rithidh sé fhad leo. Nuair a chuaidh sé tuairim a chéad slat no mar sin chuaidh an teine as, agus stad an gleo, phill sé aríst ar athair. Ní theachaidh siad i bhfad go bfachaidh an gasur an teine arais thall i lár na thrága agus dimthigh sé ar a rása mar rinne se cheanaféin. Ní teacha se i bhfad in uair seo ach oiread gur imthigh an teine. Sgannraidh an t-athair, nuair a thánnaic(continues on next page)