School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Diarfach 'na chomhnuidhe i Rosguill de dhream daoine saidhbhire agus thuit sé anuas i mboichtíneacht. Bhí sé pósta seal bliadhantach agus chá dtainig cúram cloinne ar bith air.
D'éirigh siad chomh bocht is gur dhubhairt sé le na bhean lá amháin go n-imtheochádh siad leobhtha fríd an tír go bhfeicfeadh siad an dtiompóchadh ádh ar bith leó. Ar maidin lá thar na bharach d'imthigh an péire aca. Thainig siad go dtí crois-bhealaigh sul a dteachaidh siad i bhfad. Dubhairt seisean léithe "rachfaidh tusa bealach amháin agus mise bealach eile agus dhéanfaidh mé gealltanas leas caidé mar éireochas linn go gcastar ar a chéile annseo muid trí ráithche ó indiú.
Bhal, shiubhal duine aca sior agus duine aca siar ag gabhal thart. Thug siad iarraidh na bhaile acht bhí seisean sa bhaile níos luaithe na ise. Chuaidh sé go dtí'n capall a d'fhág sé na dhiaidh agus bhí dhá shearrach aicí. Chuaidh sé go dtí'n cú(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal